Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tionscnaimh óige

Tá ról lárnach ag daoine óga maidir le todhchaí na hEorpa a mhúnlú.

Is é sin an fáth a n-eagraímid raon tionscnamh ar fud na hEorpa chun cuidiú leat tuilleadh a fhoghlaim faoin eacnamaíocht, faoin mbaincéireacht cheannais agus faoi fhreagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Ba mhaith linn deis a thabhairt duit freisin do thuairimí agus smaointe ar na hábhair a bhfuil suim agat iontu agus a dhéanann difear duit a roinnt.

Foghlaim tuilleadh

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Scoláireacht an Bhainc Ceannais Eorpaigh do Mhná

An bean thú atá cláraithe faoi láthair, nó atá ar tí clárú, ar chlár máistreachta san eacnamaíocht, sa staidreamh, san innealtóireacht nó sa ríomhaireacht in ollscoil Eorpach nó i scoil ghnó Eorpach? D’fhéadfá cur isteach ar Scoláireacht an Bhainc Ceannais Eorpaigh do Mhná, a bhfuil deontas dar luach €10,000 ag gabháil léi.

Cuir iarratas isteach

Duais an Eacnamaí Óig de chuid Fhóram an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An mac léinn PhD san eacnamaíocht nó san airgeadas thú? Ar mhaith leat do thaighde a chur i láthair do dhéantóirí beartas agus do na scoláirí is fearr? Ba cheart duit féachaint ar Dhuais an Eacnamaí Óig, a bhronnaimid gach bliain. Tabharfar cuireadh do na daoine atá sa bhabhta ceannais teacht chuig Fóram an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar an mBaincéireacht Cheannais in Sintra na Portaingéile. Gheobhaidh an buaiteoir duais €10,000. 

Foghlaim tuilleadh faoin gcomórtas

Campa TF na gCailíní

An eol duit gur féidir tionchar dearfach a imirt ar rogha gairme cailíní má spreagtar a suim sa teicneolaíocht agus san eolaíocht go luath sa saol? D'eagraíomar Campa Teicneolaíochta Faisnéise (TF) na gCailíní chun mná óga a spreagadh chun staidéar a dhéanamh ar TF agus chun gairm bheata a bhaint amach ann. D'fhoglaim siad freisin faoi roghanna éagsúla STEM agus faoi róil suimiúla san earnáil.


Tuilleadh eolais

Oibrigh linn!

An céimí nua thú atá sa tóir ar dhúshlán? An bhfuil spéis agat sa bhaincéireacht cheannais agus i ngnóthaí na hEorpa? Ar mhaith leat tionchar dearfach a imirt ar shaol shaoránaigh na hEorpa? Caith súil ar ár ndeiseanna mar sin agus bí mar bhall dár bhfoireann idirnáisiúnta.

Folúntais

Gach leathanach sa rannóg seo