Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cad a bheadh i gceist le euro digiteach?

Is foirm dhigiteach airgid thirim a bheadh in euro digiteach: modh leictreonach íocaíochta miondíola a bheadh eisithe againne, an Banc Ceannais Eorpach. Mar chineál airgid phoiblí, bheadh sé ar fáil saor in aisce do gach duine sa limistéar euro, le haghaidh aon íocaíochtaí digiteacha.

Sa lá atá inniu ann, níl teacht ag daoine ar airgead poiblí i bhfoirm dhigiteach. Inár sochaí atá ag éirí níos digitithe de réir a chéile, is é an euro digiteach an chéad chéim eile chun tosaigh a bheadh ann dár n-airgeadra aonair.

Príomhghnéithe

Airgead tirim digiteach

D’fhéadfaí euro digiteach a úsáid le haghaidh do chuid íocaíochtaí digiteacha ar fad, díreach mar is féidir airgead tirim a úsáid chun íocaíochtaí fisiciúla a dhéanamh. Chuirfeadh sé bealach eile ar fáil chun íoc i siopaí nó i siopaí ar líne, nó airgead a sheoladh chuig cairde agus teaghlaigh.

Glacadh uilíoch

Bheadh tú in ann euro digiteach a úsáid le haghaidh siopa nó ceannaí ar bith sa limistéar euro a ghlacann le híocaíochtaí digiteacha.

Saor in aisce

Cosúil le nótaí bainc agus boinn, is leas phoiblí a bheadh sa euro digiteach, rud a d’fhágfadh go mbeadh gach duine sa limistéar euro in ann íoc leis an euro digiteach saor in aisce.

Ar fáil as líne

Ní bheadh ceangal idirlín de dhíth ort. Bheadh tú fós in ann do chuid íocaíochtaí a dhéanamh gan aon cheangal.

Slán agus príobháideach

Fiú agus tú ag baint úsáid as euro digiteach ar líne, ní bheimis in ann thú a aithint bunaithe ar do chuid íocaíochtaí. Ina theannta sin, chuirfeadh euro digiteach príobháideachas den chineál a bhaineann le hairgead tirim ar fáil le haghaidh úsáid as líne.

Luach ráthaithe

Euro is ea euro, agus is amhlaidh a bheidh i gcónaí. Bheadh an luach céanna i gcónaí ag euro digiteach amháin is a bheadh ag bonn €1.

Ní cripteashócmhainn eile a bheadh ann

Ní bheadh euro digiteach ina chripteashócmhainn. Ní thacaíonn institiúid lárnach le cripteashócmhainní agus ní bhainistíonn institiúid lárnach iad, rud a fhágann go bhfuil riosca ag baint leo agus go bhfuil siad éagobhsaí. Níl aon chinnteacht ann go mbeidh tú in ann do chripteashócmhainní a mhalartú le haghaidh airgead tirim nuair a bhíonn gá agat leis.

Ina ionad sin, thacódh an institiúid chéanna a thacaíonn le do chuid airgid - muide, an Banc Ceannais Eorpach, le euro digiteach. Agus díreach cosúil le hairgead tirim, bheadh luach a aghaidhluacha i gcónaí aige. 

FÉACH FREISIN

Ábhar léitheoireachta ar an euro digiteach

Fiosraigh tuilleadh:

leabhrán do ghairmithe

Gach leathanach sa rannóg seo