Ainmníochtaí

Tugtar “Europa” ar an dara sraith de nótaí bainc euro mar go bhfuil portráid de Europa ar na nótaí, pearsa ó mhiotaseolaíocht na Gréige. Cuireann sé lorg daonna ar na nótaí agus, ar ndóigh, is é is bunús le hainm ár mór-roinne.
Leanadh ar aghaidh leis an téama “aoiseanna agus stíleanna” i sraith Europa ach tá cuma úr agus dathanna níos láidre tugtha uirthi ag dearthóir neamhspleách nótaí bainc, Reinhold Gerstetter, atá lonnaithe i mBeirlín. Chruthaigh sé gnéithe amhairc atá níos cruinne agus droichid atá níos tríthoisí. Leis na hathruithe seo, is furasta na nótaí a idirdhealú ón gcéad tsraith. Tá gnéithe slándála i sraith Europa freisin atá níos deacra fós a ghóchumadh ná gnéithe slándála na chéad sraithe.
Méid | 147 x 77 mm |
Dath | Uaine |
Dáta eisiúna | 28 Bealtaine 2019 |
Gnéithe dearaidh
Inisealacha an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Sa tsraith nótaí bainc seo taispeántar inisealacha an Bhainc Cheannais Eorpaigh i ndeich dteanga in ionad cúig cinn, mar gheall ar mhéadú an Aontais Eorpaigh in 2004, 2007 agus 2013 – BCE ECB ЕЦБ EZB EKP EKT ESB EKB BĊE EBC.



“Euro” in aibítrí éagsúla
Scríobhadh ainm an airgeadra san aibítir Choireallach (EBPO) ó tháinig an Bhulgáir isteach san Aontas Eorpach in 2007, de bhreis ar aibítir na Laidine (EURO) agus aibítir na Gréige (EYPΩ).



Léarscáil den Eoraip
Ar thug tú faoi deara léarscáil den Eoraip ar chúl nótaí bainc shraith Europa? Áirítear ann anois oileáin Mhálta agus na Cipire — dhá cheann de na tíortha a tháinig isteach san Aontas Eorpach ó seoladh an chéad tsraith.



Stíl ailtireachta
Léiríonn an nóta bainc €100 ailtireacht ar stíl bharócach agus rocócó ó 1600 go 1750.



Sínithe
Ar nótaí bainc ó shraith Europa tá síniú an iar-Uachtaráin Mario Draghi nó Christine Lagarde, Uachtarán reatha BCE. Tá nótaí bainc a bhfuil ceachtar den dá shíniú orthu chomh bailí céanna.



Cén fáth a bhfuil gá le sraith nua nótaí bainc? Toisc go gcaithfidh na nótaí fanacht slán i gcónaí. Bíonn teicneolaíocht priontála nótaí bainc ag síorathrú agus glacann góchumadóirí leis na hathruithe seo go tapa. Dá bhrí sin, tá gnéithe slándála níos sofaisticiúla fós sa tsraith Europa ná mar a bhí sa chéad tsraith. Tá blianta de thaighde agus d’fhorbairt déanta chun iad a thabhairt chun críche.
Tá cuid de na gnéithe is éasca a aithint le feiceáil ar an leathanach seo. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh go dtí an leathanach gnéithe slándála agus foghlaim conas iad go léir a sheiceáil ag baint úsáid as an modh CUIMIL, FÉACH AGUS IOMPAIGH.
Gnéithe slándála
Cló ardaithe
Cuimil an nóta bainc. Ar éadan an nóta, tá línte gearra ardaithe ar na himill ar thaobh na láimhe clé agus ar thaobh ná láimhe deise. Braitheann na línte seo, chomh maith leis an bpríomhíomhá, an litreoireacht agus an uimhir luach mór, níos tibhe.



Comhartha uisce portráide
Ardaigh an nóta bainc i gcoinne an tsolais. Tá íomhá de Europa, cóip den phríomhíomhá agus luach an nóta bainc le feiceáil ar thaobh na láimhe clé.



Fuinneog phortráide
Féach ar an nóta bainc i gcoinne an tsolais. Éiríonn an fhuinneog sa holagram trédhearcach agus nochtar portráid de Europa ar an dá thaobh den nóta.



Uimhir ar dhath na smaragaide
Iompaigh an nóta bainc. Athraíonn an dath ar an uimhir lonrach sa chúinne ag an mbun ar thaobh na láimhe clé ó smaragaidghlas go gorm dorcha agus taispeánann sé éifeacht solais a ghluaiseann suas agus síos. Léirítear siombailí beaga bídeacha € laistigh den uimhir ar na nótaí bainc nua €100 agus €200.



Holagram portráide
Iompaigh an nóta bainc. Léiríonn an holagram – an straidhp ar dhath an airgid ar thaobh na láimhe deise – portráid de Europa. Taispeánann an straidhp freisin cóip den phríomhíomhá agus luach an nóta bainc.



Holagram satailíte
Tá an holagram satailíte – gné uathúil do nótaí €100 agus €200 – ag barr na straidhpe airgid. Nuair a chlaonann tú an nóta bainc, taispeánann sé siombailí beaga bídeacha € a bhogann timpeall na huimhreach. Éiríonn na siombailí sin níos soiléire faoi sholas díreach.



