Staitisticí
Tá staitisticí riachtanach chun cinntí feasacha a dhéanamh
Cuidíonn staitisticí fónta airgeadais agus airgeadaíochta linn cinntí feasacha a dhéanamh. Cuireann an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta staitisticí oifigiúla ar fáil maidir le stádas an gheilleagair.
Cuidíonn na staitisticí sin le gach gné d’obair an Bhainc Ceannais Eorpaigh, lena n-áirítear beartas airgeadaíochta, cobhsaíocht airgeadais agus maoirseacht baincéireachta.
Tábhacht na staitisticíLÉARGAS AR FHÍRICÍ
€329 mbilliún
Laghdú ar shócmhainní foriomlána cuideachtaí árachais sa limistéar euro
Tháinig laghdú €329 mbilliún (3.7%) ar luach foriomlán na sócmhainní atá ag cuideachtaí árachais sa limistéar euro sa chéad ráithe de 2022. Is é sin an laghdú ráithiúil is mó a bhí ann ó thús na bliana 2022. Laghdú ar luach sealúchas bannaí ba chúis leis den chuid is mó.
PreasráiteasBrabhsáil agus íoslódáil staitisticí ón mBanc Ceannais Eorpach
Tá staitisticí uile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fáil saor in aisce ónár seirbhís seachadta sonraí ar líne.
Stór Sonraí StaitistiúlaForbairtí airgeadaíochta sa limistéar euro
Féach ar na rátaí fáis is déanaí ar iasachtaí do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, agus staidrimh faoina thapúla atá an soláthar airgid ag méadú.
Staitisticí maidir le forbairtí airgeadaíochtaRialachas staitisticí agus creat cáilíochta
Cuireann bainc cheannais náisiúnta Eorpacha béim mhór ar an tábhacht a bhaineann le staitisticí ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Tá siad tiomnaithe don dea-rialachas, tá ardchaighdeáin cháilíochta acu agus ráthaíonn siad rúndacht na faisnéise.
Creat rialachais agus cáilíochtaStaitisticí maidir le cistí infheistíochta
Léigh na staitisticí is déanaí maidir le méid na scaireanna nó na n-aonad fós amuigh a d’eisigh cistí infheistíochta, cistí arna dtrádáil ar an malartán agus cistí margaidh airgid sa limistéar euro.
Staitisticí maidir le cistí infheistíochtaFéach ar staitisticí faoi limistéar an euro
Caith súil ar na léirshamhluithe agus cuir staitisticí ó limistéar an euro agus staitisticí náisiúnta i gcomparáid ar an suíomh gréasáin “Staitisticí an Limistéir Euro”. Ar an suíomh sin gheobhaidh tú eochairshonraí eacnamaíocha i bhformáid shothuigthe.
Tá na staitisticí ar fáil i dteangacha uile an Aontais Eorpaigh agus is éasca iad a neadú i meáin dhigiteacha.
www.euro-area-statistics.orgIarr faisnéis staidrimh ar an mBanc Ceannais Eorpach
An bhfuil staitisticí ar leith uait ón mBanc Ceannais Eorpach? Tá polasaí saor-rochtana agus saor-athúsáide againn do na staitisticí a fhoilsímid go poiblí. Seol iarraidh chugainn agus sonraigh na staitisticí a bhfuil suim agat iontu agus tiocfaimid ar ais chugat a luaithe is féidir.