Íocaíochtaí agus margaí
Is rud fíor-riachtanach é do chuile dhuine a bheith in ann íocaíochtaí a dhéanamh go sábháilte
Braitheann íocaíochtaí ar fud an limistéir euro ar bhonneagar fíorleathan lena gcinntítear gur féidir cistí agus sócmhainní a aistriú ó áit amháin go háit eile go sábháilte. Bainistímid cuid den líonra sin agus coinnímid súil ar an gcuid eile de.
Leanaimid na margaí airgeadais freisin. Tugann sé sin eolas dúinn le haghaidh an phríomhchúraim atá againn praghsanna a choimeád cobhsaí, rud a chuireann le fás eacnamaíoch.
Euro digiteach
Leis an teicneolaíocht nua tá athruithe ag teacht ar na bealaí a ndéanaimid íocaíochtaí. Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh rochtain ag daoine sa limistéar euro i gcónaí ar mhodh íocaíochtaí a nglactar leis go huilíoch agus ar modh íocaíochta gan riosca é. Tá anailís déanta againn ar na buntáistí agus na dúshláin fhéideartha a bhaineann le euro digiteach, a d’fhéadfadh a bheith ann in éineacht leis an airgead tirim.
Príomhleathanach: Euro digiteachSeirbhísí TARGET
Oibríonn an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro roinnt bonneagair margaidh airgeadais lena gcinntítear sréabhadh saor airgid, urrús agus comhthlabhachtaí ar fud na hEorpa. Seirbhísí TARGET a chuirtear ar na seirbhísí sin uile.
Céard iad seirbhísí TARGET?Íocaíochtaí láithreacha
Bíonn daoine ag súil leis go seolfar airgead chomh tapa agus a sheoltar ríomhphoist. Sin an fáth a bhfuilimid ag obair chun íocaíochtaí láithreacha a thabhairt isteach do chuile dhuine sa limistéar euro. Is é TIPS ár seirbhís láithreach socraíochta íocaíochta atá ar fáil do bhainc. Le TIPS is féidir le daoine atá ina gcónaí sa limistéar euro airgead a aistriú laistigh de chúpla soicind.
Céard é TIPS?Ráta gearrthéarmach euro (€STR)
Is é €STR an tagarmharc nua don ráta úis a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2019. Is léiriú é ar na costais a íocann bainc le chéile chun airgead a fháil ar iasacht thar oíche. Táthar ag súil leis go n-aistreofaidh margaí airgeadais go hiomlán go dtí an ráta nua faoi dheireadh 2021.
Ráta gearrthéarmach euro (€STR)Comhthaobhacht
Nuair a fhaighdeann bainc airgead ar iasacht uainn, bíonn orthu comhthaobhacht leordhóthanach a chur ar fáil mar urrús. Ar mhaith leat a fheiceáil céard iad na comhthaobhachtaí a nglacaimid leo? An bhfuil staitisticí uait faoi na comhthaobhachtaí atá faighte againn?
Tuilleadh eolais faoi chomhthaobhachtCibearláidreacht
Tá riosca ag baint le cibear-ionsaithe do bhainc aonair agus don chóras airgeadais trí chéile. Is é sin an fáth a dtugaimid aird ar chibearláidreacht agus a gcuirimid tionscnaimh i gcrích a chuidíonn leis an earnáil airgeadais a bheith ullamh agus ar an airdeall.
Céard is cibearláidreacht ann?Nuálaíocht
Féadfaidh buntáistí móra a bheith le nuálaíocht san earnáil airgeadais. Scrúdaímid nuálaíocht airgeadais agus an chaoi a bhfuil an núalaíocht sin ag athrú an bhealaigh a n-oibríonn margaí airgeadais, nó an chaoi a bhféadfadh sí é a athrú. Ba mhaith linn a chinntiú freisin nach ndéanfaidh cur isteach teicneolaíoch dochar do chomhtháthú ná do chobhsaíocht.
Nuálaíocht airgeadaisBÍ AR AN EOLAS
AN NUACHT IS DÉANAÍ FAOI BHONNEAGAR MARGAIDH AGUS ÍOCAÍOCHTAÍ
Ag comhoibriú ar fud na hEorpa
Grúpaí teagmhála margaidh
Tá grúpaí teagmhála margaidh éagsúla bunaithe againn chun a chinntiú go gcuirtear ár mbeartas i bhfeidhm go rianúil agus go héifeachtúil. Leis na grúpaí sin is féidir linn labhairt le réimse rannpháirtithe sa mhargadh agus forbairtí sa mhargadh airgeadais domhanda a leanúint níos fearr.
Grúpaí teagmhála margaidhComhairliúcháin phoiblí
Iarraimid ionchur go minic faoinár gcinntí agus faoinár dtionscnaimh a bhfuil tionchar acu ar mhargaí airgeadais. Leis an teagmháil dhíreach sin is féidir linn leas a bhaint as léargais na ndaoine atá páirteach sna margaí sin nó a bhfuil suim acu iontu.
Féach ár gcomhairliúcháin reatha agus comhairliúcháin roimh seo