Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tuarascáil Bhliantúil

Déantar cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil ar chúraimí agus ar ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus tugtar tuairisc inti ar bheartas airgeadaíochta an Eurochórais. Is in earrach na bliana dár gcionn a fhoilsítear í de ghnáth agus cuireann duine de chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í ag éisteacht phoiblí.

2023

I bhfigiúirí

2.9% i mí na Nollag

Tháinig laghdú mór ar an mboilsciú sa limistéar euro, ach bhí sé fós ró-ard

B’ionann an boilsciú ceannlíne sa limistéar euro agus 2.9% i mí na Nollag 2023, laghdú ó 9.2% i mí na Nollag 2022. Bhí sé fós níos airde ná an sprioc atá againn, is é sin 2%.

Tuilleadh eolais faoin mboilsciú
+200bonnphointe

Rinne an Banc Ceannais Eorpach a phríomhrátaí beartais a ardú tuilleadh

Rinne an Banc Ceannais Eorpach a eochair-rátaí úis a ardú 200 bonnphointe eile le linn 2023, rud a thug an ráta saoráide taisce go 4%. Rinneadh an géarú ar bheartas airgeadaíochta a tharchur go láidir chuig an ngeilleagar.

Léigh tuilleadh faoinár mbeartas airgeadaíochta
25bliana

I mbliana, rinne an Banc Ceannais Eorpach comóradh ar 25 bliana ó bunaíodh é

In 2023 rinne an Banc Ceannais Eorpach comóradh ar 25 bliana ó bunaíodh é leis an teachtaireacht ‘‘luach na haontachta i ndomhan atá ag athrú’’.

Léigh tuilleadh faoin gCumarsáid agus trédhearcacht bheartas BCE

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Cur i láthair do Pharlaimint na hEorpa

Léigh an óráid a thug Luis de Guindos uaidh os comhair an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta nuair a chuir sé an Tuarascáil Bhliantúil i láthair.

Léigh an óráid

An tuarascáil iomlán

Féach siar ar a bhfuil déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach agus léigh ár measúnú ar chúrsaí geilleagrach le bliain anuas.

Féach Tuarascáil Bhliantúil 2023 ina hiomláine

Ráiteas aiseolais

Tugann an ráiteas aiseolais seo, a foilsíodh tráth ar cuireadh Tuarascáil Bhliantúil BCE 2023 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, freagraí ar na saincheisteanna a tharraing Parlaimint na hEorpa anuas agus ar na hiarratais a rinne sí ina rún maidir le Tuarascáil Bhliantúil na bliana roimhe sin.

Léigh an ráiteas iomlán

Cuntais Bhliantúla

Léirítear ár staid airgeadais agus torthaí ár n‑oibríochtaí sna Cuntais Bhliantúla. Is cuid dár dTuarascáil Bhliantúil iad ach foilsítear níos luaithe iad, i mí Feabhra. Féach ar an eisiúint is déanaí agus ar na heisiúintí roimhe seo.

Cuntais Bhliantúla
FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

Oibleagáidí tuairiscithe

Is institiúid neamhspleách é an Banc Ceannais Eorpach a bhfuil sé de rogha aige a ionstraimí a úsáid de réir mar is gá chun a chúraimí agus a shainordú a chomhlíonadh. Is gá cuntasacht a bheith ann in éineacht leis an neamhspleáchas sin.

Cuntasacht

Craoltaí gréasáin

Tagann Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus comhaltaí eile ón mBord Feidhmiúcháin os comhair Pharlaimint na hEorpa go minic.

Éisteachtaí i bParlaimint na hEorpa

Gach leathanach sa rannóg seo