Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Aibreán 2025

Cad a chinneamar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Laghdaíomar ár n-eochair-ráta úis 0.25 pointe céatadáin

Rinneamar é sin toisc go bhfuil an boilsciú ar an mbóthar ceart agus é le socrú gar dár sprioc 2%.

Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tá an-éiginnteacht go deo ann maidir leis an gcaoi a bhforbróidh an geilleagar.

Tá na teannais maidir leis an trádáil dhomhanda agus na hathruithe móra sna margaí airgeadais mar a bheadh scamall os cionn an gheilleagair agus a bhfuil i ndán dó.

Is iomaí páirt den gheilleagar a bhfuil an brú le mothú iontu

De dheasca bacainní nua trádála, is deacra don Eoraip a cuid onnmhairí a dhíol. Tá an baol ann go laghdóidh cuideachtaí an méid infheistíochta a dhéanann siad mar gheall ar na teannais trádála ar fud an domhain agus an strus sna margaí airgeadais. Tá breis imní ar thomhaltóirí faoin todhchaí agus tá siad cúramach faoina gcaiteachas.

Tá teacht aniar anois i ngeilleagar na hEorpa agus cuideoidh sé sin leis dul i ngleic leis an mbrú.

Tá ioncam níos airde ag daoine le caitheamh. Tá ag éirí níos fearr leis an earnáil déantúsaíochta. Tá céimeanna tábhachtacha glactha ag rialtais agus ag an Aontas chun tuilleadh infheistíochta a dhéanamh, mar shampla i gcúrsaí bonneagair agus cosanta.

Tá an margadh fostaíochta láidir go fóill.

Tá an ráta dífhostaíochta ar an leibhéal is ísle ó tugadh isteach an euro. Tá na rátaí pá fós ag dul in airde, ach ar bhonn níos measartha.

Tá an boilsciú ag laghdú i gcónaí.

Tá praghsanna fuinnimh tar éis laghdú arís. Níl praghsanna seirbhísí ag ardú chomh tréan a thuilleadh. Meastar go socróidh an boilsciú ag ráta thart ar 2%. Ach mar gheall ar na teannais trádála, tá an t-ionchas do phraghsanna níos éiginnte.

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Céard is beartas airgeadaíochta ann?

Úsáideann ár suíomh gréasáin fianáin

Bainimid úsáid as fianáin fheidhmiúla chun roghanna úsáideora a stóráil; fianáin tríú páirtí arna socrú ag seirbhísí tríú páirtí atá comhtháite sa suíomh gréasáin. Tá sé de rogha agat glacadh leo nó iad a dhiúltú. Le haghaidh tuilleadh faisnéise nó chun athbhreithniú a dhéanamh ar do rogha maidir leis na fianáin agus na logaí freastalaí a úsáidimid, iarraimid ort an méid seo a leanas a dhéanamh: