Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ár gcuid airgid

Seoladh an euro an 1 Eanáir 1999 agus é ina airgeadra do níos mó ná 300 milliún duine san Eoraip. Sna chéad trí bliana, b’airgeadra dofheicthe é, agus níor baineadh úsáid as ach chun críocha cuntasaíochta amháin e.g. in íocaíochtaí leictreonacha. Níor tugadh airgead tirim euro isteach go dtí an 1 Eanáir 2002. Tógadh isteach é ag rátaí seasta comhshó in ionad airgeadraí náisiúnta amhail franc na Beilge agus deutschmark na Gearmáine.

Sa lá atá inniu ann, is dlíthairiscint iad nótaí bainc agus boinn euro i 19 mBallstát de 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear na ranna, na críocha agus na hoileáin thar lear atá ina gcuid de thíortha an limistéir euro nó a bhfuil baint acu leo. Glaoitear an limistéar euro ar na tíortha sin. Úsáideann micreastáit Andóra, Mhonacó, San Mairíne agus Chathair na Vatacáine an euro freisin ar bhonn socrú foirmiúil leis an gComhphobal Eorpach. Baineann Montainéagró agus an Chosaiv úsáid as an euro freisin, ach gan socrú foirmiúil. Déanann thart ar 350 milliún duine íocaíochtaí airgid thirim san airgeadra céanna anois — is siombail inláimhsithe de lánpháirtiú na hEorpa iad nótaí bainc agus boinn euro sa lá atá inniu ann.

Bítear ag súil go nglacfaidh gach tír san Aontas Eorpach páirt san aontas airgeadaíochta agus go dtabharfaidh siad an euro isteach a luaithe a chomhlíonfaidh siad na critéir um chóineasú. Ní áirítear an Danmhairg leis sin toisc go bhfuil rogha an diúltaithe aici.

Léarscáil idirghníomhach den limistéar euro

Bain úsáid as an léarscáil idirghníomhach seo agus as na táblaí thíos le féachaint cé na tíortha san Aontas Eorpach atá mar chuid den limistéar euro, agus cén uair a thosaigh siad ag úsáid an euro.

Roghnaigh tír, le do thoil

An Ostair

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát AE ó 1995

An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)

An Bheilg

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh in 1957

An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)

An Bhulgáir

Ballstát AE nach n-úsáideann an euro

Ballstát AE ó 2007

An Chipir

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát AE ó 2004

An Euro ó 2008

Poblacht na Seice

Ballstát AE nach n-úsáideann an euro

Ballstát AE ó 2004

An Ghearmáin

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh in 1957

An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)

An Danmhairg

Ballstát AE nach n-úsáideann an euro

Ballstát AE ó 1973

An Eastóin

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát AE ó 2004

An Euro ó 2011

An Spáinn

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát AE ó 1986

An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)

An Fhionlainn

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát AE ó 1995

An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)

An Fhrainc

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh in 1957

An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)

An Ghréig

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát AE ó 1981

An Euro ó 2001 (airgead tirim ó 2002)

An Chróit

Ballstát AE nach n-úsáideann an euro

Ballstát AE ó 2013

An Ungáir

Ballstát AE nach n-úsáideann an euro

Ballstát AE ó 2004

Éire

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát AE ó 1973

An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)

An Iodáil

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh in 1957

An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)

An Liotuáin

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát AE ó 2004

An Euro ó 2015

Lucsamburg

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh in 1957

An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)

An Laitvia

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát AE ó 2004

An Euro ó 2014

Monacó

Tír nach Ballstát den Aontas Eorpach í

Málta

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát AE ó 2004

An Euro ó 2008

An Ísiltír

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh in 1957

An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)

An Pholainn

Ballstát AE nach n-úsáideann an euro

Ballstát AE ó 2004

An Phortaingéil

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát AE ó 1986

An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)

An Rómáin

Ballstát AE nach n-úsáideann an euro

Ballstát AE ó 2007

An tSualainn

Ballstát AE nach n-úsáideann an euro

Ballstát AE ó 1995

An tSlóivéin

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát AE ó 2004

An Euro ó 2007

An tSlóvaic

Ballstát AE a úsáideann an euro

Ballstát AE ó 2004

An Euro ó 2009

San Mairíne

Tír nach Ballstát den Aontas Eorpach í

Baill den Aontas Eorpach agus den limistéar euro

Baill den Aontas Eorpach a úsáideann an euro
Tír Bliain iontrála san Aontas Eorpach Bliain a glacadh an euro
An Ostair 1995 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Bheilg 1957 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Chipir 2004 2008
An Eastóin 2004 2011
An Fhionlainn 1995 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Fhrainc 1957 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Ghearmáin 1957 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Ghréig 1981 2001 (airgead tirim ó 2002)
Éire 1973 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Iodáil 1957 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Laitvia 2004 2014
An Liotuáin 2004 2015
Lucsamburg 1957 1999 (airgead tirim ó 2002)
Málta 2004 2008
An Ísiltír 1957 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Phortaingéil 1986 1999 (airgead tirim ó 2002)
An tSlóvaic 2004 2009
An tSlóivéin 2004 2007
An Spáinn 1986 1999 (airgead tirim ó 2002)
Baill den Aontas Eorpach nach n-úsáideann an euro
Tír Bliain iontrála san Aontas Eorpach
An Bhulgáir 2007
An Chróit 2013
Poblacht na Seice 2004
An Danmhairg 1973
An Ungáir 2004
An Pholainn 2004
An Rómáin 2007
An tSualainn 1995

Ní raibh an euro in úsáid ag an Ríocht Aontaithe, a bhí ina ball den Aontas Eorpach ó 1973 go 2020.

Rátaí comhshó seasta euro

EUR Airgeadra
1 BEF 40.3399 (Franc na Beilge)
1 DEM 1.95583 (Mark na Gearmáine)
1 EEK 15.6466 (Kroon na hEastóine)
1 IEP 0.787564 (An Punt Éireannach)
1 GRD 340.750 (Drachma)
1 ESP 166.386 (Peseta na Spáinne)
1 CYP 0.585274 (Punt na Cipire)
1 FRF 6.55957 (Franc na Fraince)
1 ITL 1936.27 (Lira na hIodála)
1 LVL 0.702804 (Lats)
1 LTL 3.45280 (Litas)
1 LUF 40.3399 (Franc Lucsamburg)
1 MTL 0.429300 (Lira Mhálta)
1 NLG 2.20371 (guilder na hÍsiltíre)
1 ATS 13.7603 (Schilling na hOstaire)
1 PTE 200.482 (Escudo na Portaingéile)
1 SIT 239.640 (Tolar)
1 SKK 30.1260 (Koruna na Slóvaice)
1 FIM 5.94573 (Markka na Fionlainne)

Céard atá ar eolas agat faoin euro?

Tabhair faoinár dtráth na gceist agus déan do chuid eolais ar an euro (agus ar an mBanc Ceannais Eorpach) a thástáil.

Gach leathanach sa rannóg seo