Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Céard is banc ceannais ann?

10 Iúil 2015

Institiúid phoiblí is ea banc ceannais a bhainistíonn airgeadra tíre nó grúpa tíortha agus a rialaíonn an soláthar airgid – go bunúsach, an méid airgid atá i gcúrsaíocht. Tá an chobhsaíocht praghasanna ina príomhchuspóir ag go leor bainc cheannais. I roinnt tíortha, éilítear ar bhainc cheannais freisin de réir an dlí feidhmiú chun tacú le fostaíocht iomlán.

Ceann de na príomhuirlisí atá ag aon bhanc ceannais is ea rátaí úis – “costas an airgid” – a shocrú mar chuid dá bheartas airgeadaíochta. Ní banc tráchtála atá i gceist le banc ceannais. Ní féidir le duine aonair cuntas a oscailt i mbanc ceannais nó iasacht a iarradh air agus, mar chomhlacht poiblí, níl brabús mar spreagadh aige.

Feidhmíonn sé mar bhanc do na bainc thráchtála agus is é seo an chaoi a mbíonn tionchar aige ar an sreabhadh airgid agus creidmheasa sa gheilleagar chun praghsanna cobhsaí a bhaint amach. Féadfaidh bainc thráchtála airgead a fháil ar iasacht ón mbanc ceannais, go hiondúil chun riachtanais an- ghearrthéarmach a chumhdach. Chun iasacht a fháil ón mbanc ceannais, caithfidh siad comhthaobhacht a thabhairt dó – sócmhainn cosúil le banna rialtais nó banna corparáide a bhfuil luach ag gabháil léi agus a fheidhmíonn mar ráthaíocht go n-aisíocfaidh siad an t-airgead.

Mar gheall go bhféadfadh bainc thráchtála iasacht a thabhairt go fadtéarmach in aghaidh taiscí gearrthéarmacha, d’fhéadfadh fadhbanna “leachtachta” a bheith acu – cás ina bhfuil an t-airgead acu chun an fiachas a aisíoc ach nach mbíonn sé de chumas acu é a thiontú ina airgead tirim go tapa. Is é seo an áit ar féidir leis an mbanc ceannais teacht isteach mar “iasachtóir na rogha deiridh”. Cabhraíonn sin leis an gcóras airgeadais a choinneáil cobhsaí. Féadfaidh raon leathan tascanna a bheith ag bainc cheannais chomh maith le beartas airgeadaíochta. Is iondúil go n-eisíonn siad nótaí bainc agus boinn, cinntíonn siad feidhmiú ceart na gcóras íocaíochta do bhainc agus ionstraimí airgeadais trádáilte, bainistíonn siad cúlchistí eachtracha, agus bíonn ról acu an pobal a chur ar an eolas faoin ngeilleagar. Cuireann go leor bainc cheannais le cobhsaíocht an chórais airgeadais freisin trí mhaoirseacht a dhéanamh ar na bainc thráchtála lena chinntiú nach bhfuil iasachtóirí ag glacadh an iomarca rioscaí.

FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

Tuilleadh eolais

Tascanna BCE Eagraíocht BCE