Cuntais Bhliantúla
Léirítear i gCuntais Bhliantúla an Bhainc Cheannais Eorpaigh ár staid airgeadais agus torthaí ár n-oibríochtaí ag deireadh na bliana.
Is éard atá sna Cuntais Bhliantúla tuarascáil bhainistíochta, ráitis airgeadais (i.e. clár comhardaithe, cuntas brabúis agus caillteanais, achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha agus nótaí míniúcháin eile), tuarascáil iniúchóra neamhspleách agus nóta maidir le dáileadh brabús/leithdháileadh caillteanas.
Ullmhaítear na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na beartais chuntasaíochta a leagtar síos sa reachtaíocht lena mbaineann. Is beartais iad sin a bhaineann go sonrach leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.
Léigh tuilleadh anseo i dtaobh ullmhú ráitis airgeadais BCEGach Feabhra, foilsítear na Cuntais Bhliantúla mar chuid dhílis dár dTuarascáil Bhliantúil.
Cuntais Bhliantúla 2025 Preasráiteas Ceisteanna coitianta faoi Chuntais Bhliantúla BCE Mínitheoir: Brabúis agus caillteanais BCE agus na mbanc ceannais náisiúnta: cárb as a dtagann siad?- D’fhéadfadh difear a bheith sna figiúirí iomlána de bharr go ndearnadh na suimeanna a shlánú.
Rinneadh nuashonrú ar an gcairt agus tábla chun na hathruithe a rinneadh ar leagan amach an chláir comhardaithe BCE agus an chuntais brabúis agus caillteanais a léiriú i gcomhréir leis an gCinneadh nua (AE) 2024/2938 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir le cuntais bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2024/32).
Íoslódáil sonraí
AN bhFUIL TUILLEADH EOLAIS UAIT?
FÉACH AR ÁR nEISIÚINTÍ ROIMHE SEO