Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha

Tá sé d’aidhm ag na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha staid fhoriomlán an gheilleagair a thuar agus a thuiscint. Tá faisnéis iontu a bhaineann leis an bhfás eacnamaíoch, boilsciú, pá, dífhostaíocht agus trádáil.

Cruthaíonn baill foirne an Eurochórais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ina gcumhdaítear an t‑ionchas don limistéar euro agus don gheilleagar domhanda. Úsáidtear na réamh‑mheastacháin sin chun cur le measúnú Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus ar rioscaí cobhsaíochta praghsanna.

Foilsítear iad ceithre huaire sa bhliain (Márta, Meitheamh, Meán Fómhair agus Nollaig).

Meán Fómhair 2026
Sracfhéachaint

An t‑ionchas boilscithe

Meastar go mbainfidh an boilsciú buaicphointe amach ag deireadh 2026 toisc go bhfuil ardú tagtha ar phraghsanna fuinnimh mar gheall ar an gcoinbhleacht sa Mheánoirthear. Ba cheart go dtiocfadh maolú air ansin de réir mar a thiteann praghsanna tráchtearraí fuinnimh arís, d’ainneoin an boilsciú neamhfhuinnimh a bheith curtha ar aghaidh. Réamh-mheastar gur meán 3.0% a bheidh i gceist leis an mboilsciú sa bhliain 2026 agus go dtitfidh sé go 2.1% sa bhliain 2028.

Tuilleadh
An t‑ionchas olltáirgeachta intíre

Is léir go bhfuil geilleagar an limistéir euro níos athléimní ná mar a bhíothas ag dréim leis i leith an tsuaite ón gcoinbhleacht sa Mheánoirthear, agus go bhfuil éileamh intíre níos láidre ann le linn margadh saothair láidir, infheistíocht phoiblí agus infheistíocht a bhaineann leis an intleacht shaorga. Réamh-mheastar gur meán 0.9% a bheidh i gceist leis an bhfás OTI sa bhliain 2026 agus go n-ardóidh sé go 1.5% faoi 2028.

Tuilleadh

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

An tuarascáil iomlán

Tá measúnú mionsonraithe sa tuarascáil fhoriomlán ar an ionchas do gheilleagar an limistéir euro.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine

Réamh-mheastacháin reatha agus san am atá caite

Déan comparáid idir ár réamh-mheastacháin ar an mboilsciú agus ar an bhfás eacnamaíoch roimhe seo. Is féidir réamh-mheastacháin roimhe seo don limistéar euro agus do thíortha sa limistéar euro a íoslódáil anseo.

Na réamh-mheastacháin uile uainn

Gach leathanach sa rannóg seo