Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Céard iad rátaí úis agus cén difear atá idir rátaí úis ainmniúla agus rátaí úis fírinneacha?

25 Bealtaine 2016

Is éard is ús ann an costas a bhaineann le hairgead a fháil ar iasacht, agus an t-airgead a thuilleann tú ar d’airgead i dtaisce

Is éard is ús ann an costas a bhaineann le hairgead a fháil ar iasacht, agus an t-airgead a thuilleann tú ar d’airgead i dtaisce. I bhfocail eile, má fhaigheann tú airgead ar iasacht ó bhanc, is é an t-ús an t-airgead a íocann tú ar d'iasacht. Nuair a chuireann tú d’airgead i gcuntas coigiltis, is é an t-ús an t-airgead a fhaigheann tú ón mbanc ar an airgead atá i dtaisce agat sa bhanc.

Léiríonn na rátaí úis an costas nó an brabús mar chéatadán den tsuim atá á fáil ar iasacht agat nó á tabhairt ar iasacht agat (tá tú ag tabhairt do choigiltis don bhanc “ar iasacht”).

Déanann eacnamaithe idirdhealú idir rátaí úis “ainmniúla” agus “fíreannacha ” ach cad é an difear idir an dá cheann agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Ráta úis ainmniúil

Is é an ráta úis ainmniúil an ráta a aontaítear agus a íoctar go hiarbhír. Mar shampla, is é an ráta a íocann úinéirí tí ar a morgáiste nó an t-airgead a fhaigheann coigilteoirí ar ais ar an airgead a chuireann siad i dtaisce. Íocann iasachtaithe an ráta ainmniúil agus faigheann coigilteoirí é.

Ráta úis fírinneach

Ach ní hé an íocaíocht ainmniúil amháin atá tábhachtach d’iasachtaithe agus do choigilteoirí, ach an méid earraí, seirbhísí nó rudaí eile a d’fhéadfaidís a cheannach leis an airgead sin. Tugann eacnamaithe cumhacht ceannaigh an airgid air sin. Laghdaíonn sé thar am de ghnáth de réir mar a ardaíonn praghsanna mar thoradh ar bhoilsciú. Léirítear an fíorchostas a bhaineann le hairgead a fháil ar iasacht agus an méid fírinneach airgid a fhaightear ar ais ar airgead a chuirtear i dtaisce nuair a chuirtear boilsciú san áireamh. Is mar seo a leanas a ríomhtar é:

Ráta úis fírinneach = ráta úis ainmniúil - boilsciú

Conas a oibríonn sé sin i gcleachtas? Seo sampla duit

Cuireann coigilteoir €1,000 i dtaisce i gcuntas ar feadh bliain amháin, fuair an coigilteoir ráta ainmniúil de 2.5% ar an airgead sin, agus gheobhaidh sé €1,025 ar ais i gceann bliana dá bharr. Mar sin féin, má ardaíonn praghsanna 3%, teastóidh €1,030 uaidh chun na hearraí nó na seirbhísí céanna a cheannach a raibh costas €1,000 orthu an bhliain roimhe sin. Ciallaíonn sé sin go mbeadh an fíor ráta maidir leis an airgead a fhaigheann sé ar ais ar an airgead sin cothrom le -0.5%. Is é sin an ráta úis fírinneach, agus ríomhtar é tríd an ráta boilscithe (3%) a bhaint ón ráta úis ainmniúil (2.5%).

Forbairt rátaí úis fírinneacha agus ainmniúla sa limistéar euro

Athraíonn an ráta úis fírinneach ag brath ar an ráta ainmniúil agus an ráta boilscithe. Cuir i gcás, go luath sna 1980idí cé go raibh an ráta úis ainmniúil sa limistéar euro ard, bhí an ráta boilscithe ard freisin. Mar thoradh air sin bhí an ráta úis fírinneach íseal. Taispeántar forbairt na meánrátaí úis ainmniúla agus na meánrátaí úis fírinneacha ar thaiscí gearrthéarmacha i dtíortha sa limistéar euro agus an ráta boilscithe ón mbliain 1981 i leith.

Nótaí: céatadáin - Foinse: Eurostat, BCE, Bainc Cheannais Náisiúnta agus meastacháin de chuid BCE