Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cén fáth a bhfuil praghsanna cobhsaí tábhachtach?

8 Bealtaine 2017 (nuashonrú deireanach ar an 25 Lúnasa 2021)

An rud is mó is féidir le bainc cheannais a dhéanamh chun leasa daoine aonair ná praghsanna a choinneáil cobhsaí

Is é príomhchúram an Bhainc Ceannais Eorpaigh praghsanna a choinneáil cobhsaí. Sin é an rud is mó is féidir le bainc cheannais a dhéanamh chun leasa daoine aonair.

Nuair a bhímid ag tagairt do phraghsanna cobhsaí, ciallaíonn sé sin nár cheart go n-ardódh praghsanna (boilsciú) go suntasach, agus gur cheart tréimhse leanúnach ina dtiteann praghsanna (díbhoilsciú) a sheachaint freisin. Bíonn tionchar diúltach ag tréimhsí fada de bhoilsciú nó díbhoilsciú iomarcach ar an ngeilleagar. Ach cuidíonn praghsanna cobhsaí lena chinntiú go bhfásann an geilleagar, go mbíonn poist shábháilte ann agus gur féidir leat a bheith muiníneach go mbeidh an luach céanna ar an airgead a bheidh i do phóca amárach agus atá inniu.

Cén fáth nach bhfuil boilsciú ard uainn?

Féadfaidh boisciú ard fáinne fí nó bís a chruthú ina mbeadh praghsanna ag ardú gan stad. Chuirfeadh sé sin srian ar do chumhacht ceannaigh agus ní bheifeá in ann an oiread rudaí a cheannach le do chuid airgid dá dheasca.

Má ardaíonn na praghsanna ar go leor de na hearraí a cheannaíonn tú, cailleann tú cumhacht ceannaigh. I bhfocail eile, ní féidir an oiread rudaí a cheannach leis an airgead atá agat – d’ioncam agus an t-airgead atá i dtaisce agat – i gcomparáid leis an méid rudaí a bhí tú in ann a cheannach leis roimhe seo. D’fhéadfadh bís ina n-ardaíonn praghsanna go leanúnach a bheith mar thoradh air sin.

Is é is cúis leis sin ná má éiríonn gach rud níos costasaí, tá seans ann go n-iarrfaidh tú ardú pá ar d'fhostóir. D’fhéadfadh d'fhostóir praghsanna na cuideachta a ardú chun an méadú sin ar phá na foirne a mhaoiniú. Má dhéantar amhlaidh i roinnt cuideachtaí, ardóidh praghas neart earraí arís, agus leanfar leis an mbís ar an mbealach sin.

Ciallaíonn sé sin go mbeadh sé níos deacra ortsa agus ar ghnólachtaí taiscí agus infheistíochtaí a phleanáil. D’fhéadfadh daoine a muinín as an airgeadra a chailleadh toisc é a bheith ag cailleadh a luacha go han-tapa. Níl ansin ach roinnt samplaí den tionchar diúltach a bhaineann le rátaí arda boilscithe.

Cén fáth nach bhfuil tréimhsí fada díbhoilscithe uainn?

D’fhéadfadh bís ina dtiteann praghsanna tarlú mar thoradh ar thréimhsí fada díbhoilscithe. D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar ghnólachtaí, ar dhaoine aonair agus ar an gcaiteachas poiblí.

D’fhéadfadh praghsanna ní b’ísle tú a mhealladh mar thomhaltóir. Ar an láimh eile, d’fhéadfadh bís ina n-íslíonn praghsanna a bheith mar thoradh air má thiteann praghsanna go forleathan ar feadh tréimhse leanúnach agus murabh fheabhsaithe ar tháirgeadh ba chúis leis sin.

Cuir i gcás go bhfuil sé ar intinn agat tolg nua a cheannach. Tuigeann tú áfach go dtitfidh an praghas má fhanann tú tréimhse ghairid lena cheannachn agus mar sin déanann tú amhlaidh. Má dhéanann gach duine an rud céanna fulaingeoidh gnólachtaí dá bharr mar ní bheidh siad in ann a dtáirgí a dhíol. B’fhéidir go mbeadh orthu pá na bhfostaithe a laghdú nó a reo nó bata agus bóthar a thabhairt do bhaill foirne de réir mar a thiteann an t-éileamh, agus thiocfadh ardú ar dhífhostaíocht ansin.

Bheadh tionchar diúltach ag díbhoilsciú ar gach duine

Chuirfí moill ar an ngeilleagar mar ghearrfadh tomhaltóirí agus gnólachtaí siar ar chistiú agus ar infheistiú. D’fhéadfadh sé a bheith níos deacra ort aon fhiachas atá ort a ghlanadh freisin, amhail do mhorgáiste. Ní laghdófaí an fiachas sin cé go bhféadfaí d'ioncam a laghdú.

B’amhlaidh an scéal maidir leis an airgeadas poiblí. Thitfeadh an t-ioncam ó cháin de réir mar a laghdódh pá agus caiteachas, ach bheadh ar an rialtas a fhiachas a íoc fós. Mar thoradh air sin, b’fhéidir gur ghá caiteachas ar bhonneagar agus ar chúram sláinte, mar shampla, a laghdú. Ar an mbonn sin, bheadh tionchar diúltach ag díbhoilsciú ar gach duine.

Figiúr a chur ar chobhsaíocht praghsanna

Is é an príomhchúram atá orainn praghsanna a choinneáil cobhsaí, faoi mar a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá sainmhíniú cainníochtúil ag an mBanc Ceannais Eorpach ar chobhsaíocht praghsanna. Tá aidhm againn go mbeidh boilsciú ag 2% thar an meántéarma, de réir an tsainmhínithe ar bhoilsciú san Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT). Tá dhá ghné ag baint leis an ngealltanas seo. Measaimid go bhfuil boilsciú atá ró-ard chomh dona le boilsciú atá ró‑íseal. Níl ceachtar acu uainn.

Mar sin tá sprioc shoiléir agus intuartha againn. Cuidíonn se sin leat pleannanna a dhéanamh don todhchaí, agus eolas agat ar an athrú measta a thiocfaidh ar phraghsanna sa limistéar euro, ar an meán, thar am. Cuidíonn sé sin linne freisin praghsanna a choinneáil cobhsaí.

Cumhdaíonn cuspóir cobhsaíochta praghsanna an Bhainc Ceannais Eorpaigh an limistéar euro ina iomláine. Tá meon meántéarmach againn, agus cuirimid an ráta boilscithe thar am san áireamh seachas a bheith ag díriú ar bhuaicleibhéil agus ar bhunleibhéil sna rátaí go gearrthéarmach mar cothromaítear iad sin de réir a chéile.

Cén fáth gur 2% an sprioc?

Cén fáth a bhfuil sé mar aidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach boilsciú a choinneáil ag 2%, thar an meántéarma, agus cén fáth nach ndéanfaí iarracht 0% nó 1% a bhaint amach? Is iomaí cúis atá leis sin:

Sprioc shoiléir

Tá an sprioc bhoilscithe atá againn soiléir agus intuartha. Is féidir leat tuairim a bheith agat ansin ar an athrú a thiocfaidh ar phraghsanna.

Corrlach sábháilteachta

Cinntítear go mbeadh corrlach sábháilteachta ann i gcoinne rioscaí féideartha an díbhoilscithe.

Difríochtaí idir tíortha

Fágtar spás le haghaidh rátaí boilscithe éagsúla i dtíortha difriúla sa limistéar euro.

Fiosróimid an scéal sin ar bhealach níos mionsonraithe:

Sprioc shoiléir

Is figiúr soiléir intuigthe í sprioc bhoilscithe 2%. Tá sé trédhearcach agus cuidíonn sé le daoine meastachán a dhéanamh faoin athrú a thiocfaidh ar phraghsanna tar éis tamall áirithe.

Úsáideann daoine meastacháin faoi bhoilsciú chun cinntí a dhéanamh faoi airgead a chaitheamh, a fháil ar iasacht nó a infheistiú. Ós rud é go bhfuil sprioc shoiléir againn don mheántéarma, féadfaidh daoine meastacháin bheachta a dhéanamh, rud a chuireann leis an gcobhsaíocht praghsanna trí chéile.

Corrlach sábháilteachta

Le ráta boilscithe 2%, cruthaítear corrlach sábháilteachta i gcoinne rioscaí féideartha an díbhoilscithe. I gcás díbhoilscithe, aimseoidh na huirlisí beartais airgeadaíochta ghinearálta (i.e. athruithe sna príomhrátaí úis) teorainneacha. Sroichtear pointe ar leith áfach nach bhfuil sé ciallmhar do bhanc ceannais rátaí a ghearradh níos mó. Anuas air sin, luainíonn boilsciú rialaithe fiú thar am, timpeall ar mheánluach. Toisc go bhfuil corrlach aige, ní bheidh ar an mbanc ceannais filleadh ar bhearta eile chomh minic sin, amhail ceannachán sócmhainní - a dtugtar éascú cainníochtúil air freisin - nó oibríochtaí athmhaoinithe fadtéarmacha.

Difríochtaí idir tíortha éagsúla sa limistéar euro

Déanann an Banc Ceannais Eorpach cobhsaíocht praghsanna a chothabháil don limistéar euro ina iomláine. Leis an sprioc ag 2%, fágtar spás ann le haghaidh rátaí boilscithe éagsúla i dtíortha difriúla sa limistéar euro, agus ba cheart más féidir é iad sin a chothromú thar am. Le cuspóir atá níos mó ná nialas, cosnaítear roinnt tíortha nó réigiún ar rátaí boilscithe atá an-íseal ar fad, nó ar rátaí boilscithe diúltacha fiú, chun tíortha eile ina bhfuil rátaí boilscithe níos airde a chúiteamh.

Arna nuashonrú i Lúnasa 2021 chun torthaí an athbhreithnithe straitéise a rinneadh in 2020-2021 a chur san áireamh.